Fís Ghaeilge Mhericeá Thuaidh - An Seoladh, Cuid a hAon
Nochtadh an scéal go hoifigiúil faoin gcomhdháil atá le teacht 16-18 Bealtaine anseo i gCathair Nua-Eabhraic, atá á reachtáil ag Glór na nGael agus Cumann Carad na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile i Meiriceá. Bhí an seoladh ag an Irish Arts Center, agus bhí Elaine Ní Bhraonáin ina bean an tí. Thug an Dochtúir Máire Ní Annracháin an chéad óráid, atá le cloisteáil san eagrán seo.